Ríomhshábháilteacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Sábháilteacht ar líne)
píoráideacht

Ciallaíonn sábháilteacht ar líne[1]ríomhshábháilteacht go bhfuil an t-eolas ag duine chun na rioscaí féideartha a shainaithint agus go bhfuil duine feasach ar a shlándáil phearsanta fad is atá sé nó sí ag brabhsáil, ag comhroinnt nó ag scimeáil an idirlín.[2][3] Táthar imníoch ó tháinig an t-idirlíon ar an bhfód an chéad lá riamh go gcothaíonn algartaim áirithe iompar diúltach agus antoisceach den uile chineál, go háirithe i measc daoine óga.[4]

Reachtaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha[5] i bhfeidhm in Éirinn ar an 16 Feabhra 2024,[6] le cúramaí Choimisiún na Meán mar chomhordaitheoir ar sheirbhísí digiteacha. Cúram reachtúil í seo, mar chuid den Acht um Sheirbhísí Digiteacha de chuid an AE.

Bhí fiosrúcháin ar bun ag an Aontas Eorpach sa bhliain 2024 faoin gcur chuige ag TikTok and Meta; bhí an chaoi a dtéann algartaim an dá ollchomhlacht sin i gcion ar dhaoine ar cheann de ghnéithe an fhiosrúcháin.[4] Chuir Coimisiún na Meán an Cód Sábháilteachta Ar Líne faoi bhráid an Choimsiúin Eorpaigh i mí na Bealtaine 2024. Ní foláir do gach comhlacht meán sóisialta daoine óga a chosaint ar ábhar urchóideach atá sainithe sa chód, lena n-áirítear ábhar a chothaíonn féindíobháil, féinmharú, neamhord itheacháin, cibearbhulaíocht, pornagrafaíocht, agus foréigean (go háirithe foréigean ar son an spóirt). Féadfar fíneáil suas le €20 milliún a ghearradh ar aon chomhlacht a shárós an cód.[4]

Ach níl halgartaim na gcomhlachtaí curtha san áireamh sa Chód Sábháilteachta, agus níl Comhairle um Chearta an Duine in Éirinn sásta faoi sin.

Dea-chleachtas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé chomh riachtanach i saol an lae inniu sábháilteacht ar líne a phlé agus a theagasc is atá sábháilteacht ar na bóithre nó ón strainséir a thairgeann milseán  do pháiste.[7][8]

Tugtar comhairle do dhaoine óga gan aon cheo a chur ar líne nach mbeidís compordach dá bhfeicfeadh gach éinne é. Ach san éigeandáil, is fiú fios a bheith ag tuismitheoirí go bhfuil seirbhísí ann atá ábalta pictiúir áirithe a bhaint anuas den idirlíon go buan.[7]

Cibearbhulaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is éard is cibearbhulaíocht ann ná tromaíocht a dhéantar ar dhaoine ar an idirlíon.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • ·An tAcht um Shábháilteacht Ar Líne agus um Rialáil Meáin, 2022[9]
  • Cuirtear an leabhrán GET WITH IT! Treoir maidir le cibearbhulaíocht (pdf)[10]
  • hotline.ie[11] agus bhileog "Keeping Safe Online"
  • Insafe / Líonra Eorpach um Shábhailteacht Idirlín[12] (European Internet Safety Network)
  • Nód Éireannach um Fheasacht Sábháilteacht Idirlín / Irish Internet Safety Awareness Node
  • Oifig um Shábháilteacht Idirlín (Office for Internet Safety). Chun sábháilteacht ar an idirlíon a chur chun cinn, go háirithe i ndáil le pornagrafaíocht leanaí a chomhrac[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Béarla: internet safety
  2. webwise.ie (2018-03-23). "Scileanna Litearthachta Digití: Sábháilteacht ar líne -" (ga-IE). Webwise.ie. Dáta rochtana: 2024-02-06.
  3. 3.0 3.1 Na Gardaí Síochána (2019-02-28). "Cybercrime" (en). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2024-02-06.
  4. 4.0 4.1 4.2 Nuacht RTÉ (2024-05-27). "'Easnamh mór' gan algartaim a chur i gcód sábháilteachta" (as ga-IE). 
  5. Béarla: Digital Services Act
  6. "Minister Coveney announces the commencement of the Digital Services Act 2024" (en). www.gov.ie (2024-02-19). Dáta rochtana: 2024-05-27.
  7. 7.0 7.1 Póilín Ní Chiaráin (13 Meitheamh 2015). "Is foláireamh dúinn bás tragóideach Ronan Hughes" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-06.
  8. COGG / trendmicro.com (2021-06-04). "Sábháilteacht ar líne do Pháistí" (ga-IE). www.trendmicro.com. Dáta rochtana: 2024-05-06.
  9. gov.ie (2020-06-12). "Sábháilteacht ar Líne" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2024-02-06.
  10. hotline.ie. "an leabhrán GET WITH IT! Treoir maidir le cibearbhulaíocht". Dáta rochtana: 2024.
  11. hotline.ie. ""Keeping Safe Online" (bileog)". Dáta rochtana: 2024.
  12. "Insafe" (as en) (2023-08-03). Wikipedia.