Adele

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAdele

(2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Adele Laurie Blue Adkins
5 Bealtaine 1988
36 bliana d'aois
Tottenham, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteAdele Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síBRIT School for Performing Arts and Technology (en) Aistrigh (2003–2006) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreCumadóireacht, amhrán agus cumadóir amhrán
Gairmamhránaí is scríbhneoir, drumadóir, ceoltóir, ealaíontóir taifeadta, pianódóir, amhránaí, giotáraí, léiritheoir feidhmiúcháin Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2006 –
SeánraPopcheol, blue-eyed soul, ceol rithim agus gormacha, anamcheol, snagcheol agus rac-cheol
TeangachaBéarla
Cineál guthaMeánsoprán

UirlisGiotár, pianó, foireann drumaí, dordghiotár, trumpa, vióla agus ceol gutha
Lipéad ceoilXL Recordings
Columbia Records
Sony Music Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
2016Glastonbury Festival (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileSimon Konecki (2016–2021), colscaradh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAngelo Adkins Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú


Suíomh gréasáinadele.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm2233157 Allocine: 539876 Rottentomatoes: celebrity/adele_2
Facebook: adele Twitter: Adele Instagram: adele Youtube: UCsRM0YB_dabtEPGPTKo-gcw Souncloud: adelemusic Spotify: 4dpARuHxo51G3z768sgnrY iTunes: 262836961 Last fm: Adele Musicbrainz: cc2c9c3c-b7bc-4b8b-84d8-4fbd8779e493 Songkick: 537914 Discogs: 819015 Allmusic: mn0000503460 Deezer: 75798 Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhránaí Sasanach í Adele Laurie Blue AdkinsAdele. Rugadh i Londain í ar 5 Bealtaine, 1988.

Bhí an t-amhrán ‘Hello’ gaelaithe ag TG Lurgan sa bhliain 2016 agus úsáid bainte acu as cór chun cur leis an atmaisféar.[1]

Adele ag an Paradiso, 2008
Adele ag Martyr's, 2008
Adele Adkins, 2009
2013, Golden Globe
Adele, 2016 i St Paul MN
Madame Tussauds, Londain 2016

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

19 (2008)[cuir in eagar | athraigh foinse]

21 (2011)[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2012, bhí Adele liostaithe ag uimhir a cúig sa VH1 100 'Ban is Fearr'. D'ainmnigh an iris Time Adele mar cheann de na daoine is mó a raibh tionchar acu ar fud an domhain i 2012.

Sa bhliain 2012, d’eisigh Adele an t-amhrán "Skyfall", a chomhscríobh sí agus a thaifeadadh i gcomhair scannán James Bond. Bhuaigh an t-amhrán Gradam Acadamh, Duais Grammy, agus Gradam Golden Globe, chomh maith leis an Brit Award le haghaidh “ Amhrán Aonair na Breataine”.

25 (2015)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ina dhiaidh sos trí bliana a ghlacadh, scaoil Adele a tríú halbam stiúideo, 25, sa bhliain 2015.

Chuir Adele go mór lena hiomrá nuair a seoladh a singil ‘Hello’. Bhain an t-amhrán mothúchánach uimhir 1 amach i mbeagnach gach tír inar eisíodh é agus bhris físeán an amhráin an churiarracht dhomhanda don líon is mó radharc taobh istigh de 24 uair an chloig… 27.7 milliún.[1]

Ba é an t-albam 25 is mó a bhí ag díol sa bhliain agus bhris sé taifid díolacháin an chéad seachtain sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe.

Bhronadh diamant deimhnithe ar an albaim sna Stáit Aontaithe agus thuill Adele cúig Ghradam Grammy, a dara Duais Grammy d'Albam na Bliana san áireamh agus ceithre Brit Awards.

Thug an tríú camchuairt, Adele Live 2016, cuairt ar an Eoraip, Meiriceá Thuaidh, srl, agus ceolchoirm i Staid Wembley i mí an Mheithimh 2017.

30 (2021)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2021, thug Adele ceirnín nua amach (30) tar éis tréimhse ciúin agus craoladh coirm cheoil mhór An Evening with Adele ar ITV an lá cheana, 21 Samhain 2021.[2][3]

Sláinte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtha don ól le fada, bhain Adele sult as a cuid fuisce le fada. Thug an t-amhránaí le fios gur ól sí, uair amháin, ceithre bhuidéal fíona sula raibh lón aici. In 2020 bhí sí ag iarraidh albam nua a chur amach. "Agus bhíomar go léir sa bhaile ar meisce go bunúsach’.[4] Labhairt sí leis an iris Vogue in 2021 faoin saol ina aonar agus faoin alcól (agus foilsíodh íomhá thar a bheith moltach di in Vogue, sa bhosca thuas ar dheis).

Ach dúirt Adele in 2023 go raibh sí trí mhí gan alcól tar éis di a bheith ina 'alcólach ar an teorainn', nó ‘borderline alcoholic’. Phléigh an t-amhránaí an chaoi a raibh sé ag streachailt chun a cuid óil a rialú le blianta fada, agus ag admháil gur chuir dianghlasáil Covid-19 í dul i ngleic lena fadhb le halcól.[4]

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 2011, 2012, agus 2016, ainmníodh Adele mar Ealaíontóir na Bliana ag Billboard. Ag Dámhachtainí Ivor Novello, 2012 agus 2016 ainmníodh Adele scríbhneoir amhránaí na Bliana ag Acadamh na Breataine Amhráin, Cumadóirí, agus Údair.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an t-amhrán ‘Hello’ gaelaithe ag TG Lurgan in 2016 agus úsáid bainte acu as cór chun cur leis an atmaisféar.[1][5]

Sa bhliain 2022, tháinig cainteoirí óga Gaeilge agus Breatnaise le chéile chun leagan dátheangach de cheann d’amhráin Adele a chanadh. Daltaí ó Choláiste Lurgan, an coláiste samhraidh Gaeilge aitheanta, agus baill de Urdd Gobaith Cymru, grúpa óige Breatnaise, a chan an t-amhrán Water Under the Bridge agus a rinne an físeán ceoil a thaifeadadh i gConamara.[6][7]

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Albaim Stiúideo[cuir in eagar | athraigh foinse]

Físeáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceirníní leathfhada[cuir in eagar | athraigh foinse]

Camchuairteanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Evening with Adele (2008–09)
  • Adele Live (2011)
  • Adele Live 2016 (2016)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 NÓS. "‘Hello’ Adele Gaelaithe ag TG Lurgan" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-05-05.
  2. Simon Kelly (2021-11-22). "Adele reduced to tears during reunion with her English teacher" (en). Entertainment.ie. Dáta rochtana: 2022-05-05.
  3. Mairéad Ní Nuadháin (2021). "Tháinig mo dheirfiúr trasna ar shean-chóipleabhar scoile de chuid m’athar…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-05.
  4. 4.0 4.1 "'Borderline alcoholic': Adele trí mhí gan alcól" (en-GB) (2023-10-20). Dáta rochtana: 2024-05-05.
  5. TG Lurgan (2016). "Hello - le Adele as Gaeilge" (as ga). 
  6. "Uisce Faoin Droichead / Dŵr Dan Bont - Water Under The Bridge - Adele as Gaeilge/Cymraeg" (as ga-IE) . 
  7. "Leagan Gaeilge agus Breatnaise d’amhrán de chuid Adele curtha amach ag Coláiste Lurgan" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-09-23). Dáta rochtana: 2024-05-05.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]