Beach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBeach
Anthophila Cuir in eagar ar Wikidata

Apis mellifera Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeInsecta
OrdHymenoptera
Luach ar iarraidhAnthophila Cuir in eagar ar Wikidata
Latreille, 1804

Is feithid í an bheach. Is ball d'ord na Hymenoptera í. Tá 7̤̬% den bhia an domhain ag brath ar na beacha,[1] mar shampla trátaí agus sútha talún. Tá na beacha tábhachtach toisc go dtógann siad pailin ó bhláth go bláth agus iad ag eitilt timpeall.[2] Gan an phailin seo ní bheadh a lán glasraí agus torthaí ag fás.[3]

Braitheann an cine daonna ar phailneoirí. Tá siad ríthábhachtach don slabhra bia domhanda. Ach caithfimid a admháil gur chuir ár ngníomhaíochtaí – lena n-áirítear cleachtais feirmeoireachta, uirbiú, bainistíocht talún, truailliú comhshaoil agus an ghéarchéim aeráide – ár ndomhan feithidí i mbaol géar.[4]

Físeán: Beachaireacht
Físeán
Físeán: An Teach Bán

Fíricí fánacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bíonn beacha ag greadadh a gcuid sciatháin níos mó ná 200 uair gach soicind.
  • Tá cúig shúil agus sé chos ag beacha.
  • Tá inchinn beiche chomh beag le síol seasamain.
  • Ní chodlaíonn beacha.
  • Déanann beach "damhsa croite" le insint dá cairde má bhíonn paiste maith bláthanna faighte aici.[5]

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sean-Ghaeilge “bech”, ón bhfréamh Ind-Eorpaise *bhei-.

Cosaint[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Is maith le beacha bláthanna. Bíonn feachtas ann gach mí Bealtaine "No Mow May". An mhí seo ba chóir dúinn ligean don fhéar agus do na bláthanna fás. Beidh níos mó pailine ann ansin do na beacha agus feithidí eile.
  • Titeann Lá Domhanda na mBeach ar an 20 Bealtaine gach bliain. Is lá é seo chun béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le beacha agus le feithidí eile. Dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn sa bhliain 2019, cuirtear Lá Domhanda na mBeach i gcuimhne dúinn chomh tábhachtach is atá beacha agus pailneoirí eile inár ndomhan idirspleách agus an gá le cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe agus bainistíocht fál sceach a chur chun cinn mar aon leis an gcaoi gur féidir linn ar fad cabhrú trí thimpeallacht oiriúnach a chothú agus a chur ar fáil dár mbeacha.[4]

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá beacha na hÉireann i mbaol mór – agus leis sin, tá an córas bia agus beatha féin i mbaol.[6] Tá 90 speiceas beach dúchasach in Éirinn, ach tá an tríú cuid díobh i mbaol a dhíothaithe. Agus mura bhfuil beacha ann le plandaí a phailniú, tá an baol ann go dtitfidh ár gcóras bia ina iomláine as a chéile.

Seoladh an Plean Uile-Éireann um Pailneoirí sa bhliain 2015.

“Coinnigh Coirceog"[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2019, d’fhógair Rialtas na hÉireann an tionscnamh “Coinnigh Coirceog, cuidigh leis an mbeach mheala”.[7] Féachtar leis an tionscnamh seo úinéirí foraoise a spreagadh chun an bheach mheala a thabhairt isteach sa choillearnach dhúchasach i gcomhar le Coillearnach Éireann agus na cumainn náisiúnta bheachairí. Bhí Cumann Bheach Mheala Dhúchasach na hÉireann freisin ag tacú leis an tionscnamh.[8]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An clár TG4 'Plean Bee' clár faisnéise agus léargas ar an bplean Uile-Éireann um Pailneoirí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Pollinator myth: Are bees responsible for one third of global food, heightening crisis? More like 7%" (en-US). Genetic Literacy Project (2015-08-12). Dáta rochtana: 2020-05-29.
  2. Ollscoil Mhá Nuad (Dé Luain an 25 Bealtaine 2020). "Eleathanach 352". Dáta rochtana: 2020.
  3. ELeathanach 469, Bealtaine 2024
  4. 4.0 4.1 Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2021-05-20.
  5. An Post (2024). "Lá Domhanda an Beach". Dáta rochtana: 2024.
  6. Eoin O'Hare (19 Bealtaine 2021). "Tá an cine daonna ag brath ar an bheach i do ghairdín" (ga). independent. Dáta rochtana: 2021-05-20.
  7. "Tionscnamh 'Coinnigh Coirceog' seolta ar Lá Domhanda na mBeach" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2021-05-20.
  8. Eoin O'Hare (19 Bealtaine 2021). "Tá an cine daonna ag brath ar an bheach i do ghairdín" (ga). independent. Dáta rochtana: 2021-05-20.