Counting Crows

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCounting Crows
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1991, San Francisco Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1991 –
Lipéad ceoilCapitol Records
Cooking Vinyl
Geffen Records Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraRac malartach, rac-cheol, popcheol rac agus iarghrúinse Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thionchar
Codanna
Adam Duritz
Dan Vickrey
Charlie Gillingham
David Immerglück
David Bryson (en) Aistrigh
Steve Bowman (en) Aistrigh (1991–1994)
Matt Malley (en) Aistrigh (1991–2005)
Ben Mize (en) Aistrigh (1994–2002)
Jim Bogios (en) Aistrigh (2002–)
Millard Powers (2005–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáincountingcrows.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1628702 Facebook: countingcrows Twitter: countingcrows Instagram: countingcrows Youtube: UC7ZujKO4WDplOaj4wpYDyVQ Souncloud: countingcrows Spotify: 0vEsuISMWAKNctLlUAhSZC iTunes: 35719 Last fm: Counting+Crows Musicbrainz: a0327dc2-dc76-44d5-aec6-47cd2dff1469 Songkick: 32530 Discogs: 262643 Allmusic: mn0000128495 Deezer: 321 Cuir in eagar ar Wikidata

Is banna rac-cheoil iad Counting Crows as Limistéar Bhá San Francisco, California i Meiriceá. Bunaíodh an banna i 1991 agus is iad Adam Duritz (amhránaí), David Bryson (giotáraí), Jim Bogios (drumadóir), Charlie Gillingham (méarchláraí), David Immerglück (ionstraimí), Millard Powers (dordghiotáraí) agus Dan Vickrey (giotáraí) baill an ghrúpa. [1]

Tháinig an-tóir ar Counting Crows i 1993 nuair a eisíodh a gcéad albam, August and Everything After. Glacadh go maith lena gcéad singil (Mr. Jones) agus dhíol an chéad albam seacht milliún cóip sna Stáit Aontaithe. Shroich an t-albam iarshaothar Recovering the Satellites uimhir a haon sna cairteacha Billboard 200 sna Stáit Aontaithe agus shroich sé uimhir a haon i roinnt tíortha eile fosta. Chomh maith leis sin, d’éirigh go maith leo lena n-albam eile fosta.

I measc a gcuid amhráin cáiliúla tá Colorblind, Round Here, Rain King, A Long December, Mr. Jones agus leagan clúdaigh de Big Yellow Taxi le Joni Mitchell. [2] Fuair an banna dhá ainmniúchán ag na Gradaim Grammy i 1994. Sa bhliain 2004, fuair Counting Crows ainmniúchán Gradam Acadaimh don singil Accidentally in Love, a bhí san sa scannán Shrek 2. Tá níos mó ná 20 milliún albam díolta ag an banna ar fud an domhain [3] agus tá cáil orthu as a léirithe beo dinimiciúla.

Ainm an bhanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann ainm an bhanna ó rann do pháistí faoi comhaireamh snaganna breaca, ar a dtugtar One for Sorrow.

Tionchair cheoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Duritz ag seinm leis an bhanna i 2010

Tá cáil ar an bhanna as léirithe beo fuinniúla. [4] [5] [6] I measc tionchair an bhanna tá Bob Dylan, Van Morrison agus REM. [7] [8]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

1990idí[cuir in eagar | athraigh foinse]

1991–1992: Na luathbhlianta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Adam Duritz agus David Bryson Counting Crows i San Francisco i 1991. [9] Thosaigh siad mar dísreach acústach, ag seinm gigeanna i Berkeley agus San Francisco agus timpeall air. Tháinig na baill eile isteach sa chéad chúpla bliain eile David Immerglück (giotáraí), Matt Malley (dordghiotáraí), Charlie Gillingham ar na méarchláir agus Steve Bowman ar na drumaí.

Nuair a chuala Gary Gersh ó Geffen Records taifeadadh samplach an bhanna, bhí sé an-tógtha. Tosaíodh coimhlint tairisceana idir naoi lipéad ceoil éagsúla i mí Feabhra 1992. Shínigh siad conradh leis an chomhlacht ceirníní i mí Aibreáin 1992. [10]

1993–1994: August and Everything After agus rath tosaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eisíodh céad albam an bhanna, August and Everything After, i mí Mheán Fómhair 1993. Tagraíonn an chéad singil ar an albam, Mr. Jones, do Marty Jones (cara óige Duritz). [11] Déanann an t-amhrán cur síos ar mhian na gceoltóirí a bhíonn ag iarraidh a bheith rathúil agus na h-aislingí a chuireann siad in iúl faoin chlú a d’fhéadfadh a bheith acu. D'éirigh go an-mhaith le Mr. Jones agus leis an t-amhrán seo rinneadh réaltaí acu. [12]

In 2018, rinne an Chicago Sun-Times cur síos ar August agus Everything After mar seo a leanas: "D’éirigh seacht n-uaire platanam leis an chéad albam sin sna Stáit Aontaithe amháin, ag an am ar an cheirnín is mó díol ó Nirvana le Nevermind". [13]

Dhíol an t-albam seacht milliún cóip sna Stáit Aontaithe. [2] Fuair an banna dhá ainmniúchán Grammy i 1994; ceann don Léiriú Roc is Fearr le Grúpa (do Round Here) agus ceann don Cheoltóir Nua is Fearr. [14]

Ní raibh sé éasca an rath a bhí ag Duritz agus bhí cliseadh néarógach aige, [15] nach raibh an chéad cheann aige. [16]

1995-1998: An dara albam[cuir in eagar | athraigh foinse]

Charlie Gillingham ar an bhosca ceoil

Níor imir an banna ach dhá gig i 1995. Thug sé seo deis do Duritz sraith amhrán a scríobh a tháinig chun bheith mar dhara albam an bhanna, Recovering the Satellites. [15] Eisíodh é i mí Dheireadh Fómhair 1996. Bhí an singil A Long December ar an albam seo, a bhí ina ráchairt uimhir a haon i gCeanada [17] agus an deich singil ar bharr sna Stáit Aontaithe. Eisíodh albam beo i 1997.

1999–2001: This Desert Life agus camchuartaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1999, sheinn Counting Crows ag Woodstock 99. [18] Níos déanaí an bhliain sin, d'eisigh an banna a dtríú albam stiúideo This Desert Life. I measc na n-amhrán ar an albam a bhí Colorblind, a bhí le cloisteáil fosta sa scannán Cruel Intentions. Chuaigh an banna ar camchuairt go forleathan timpeall an ama seo.

2000idí[cuir in eagar | athraigh foinse]

2002-2003: Dhá albam eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dan Vickrey agus David Bryson

I mí Iúil 2002, d'eisigh an banna a gceathrú albam stiúideo, ar a dtugtar Hard Candy. Bhí clúdach amhrán Joni Mitchell Big Yellow Taxi ar an albam. D'eisigh an banna albam ráchairt is mó, ar a dtugtar Films About Ghosts i mí na Samhna 2003.

2004-2006: Oscars agus New Amstardam[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2004, bhí amhrán an bhanna Accidentally in Love le cloisteáil ar fhuaimrian an scannáin beoite Shrek 2. Ag an 77ú Duaiseanna an Acadaimh, ainmníodh an t-amhrán don Amhrán Bunaidh is Fearr. I mí an Mheithimh 2006, d'eisigh Counting Crows albam beo dar teideal New Amsterdam: Live at Heineken Music Hall. [19]

Le tamall anuas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le blianta beaga anuas lean an banna ar camchuairt go leor. Eisíodh albaim nua in 2012 (Underwater Sunshine) agus in 2014 (Somewhere Under Wonderland). I mí Eanáir 2019, d’eisigh an banna leagan nua de August and Everything After a rinneadh leis an London Symphony Orchestra ag Air Studios. [20]

Baill an bhanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baill reatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Millard Powers ar an dordghiotár
  • Adam Duritz – príomhamhránaí, méarchlár, orgán béil (1991–faoi láthair)
  • David Bryson – giotár rithime (1994–1994), fonnadóireacht taca (1991–faoi láthair), príomhghiotáraí (1991–1994)
  • Charlie Gillingham – méarchlár, fonnadóireacht taca (1991–faoi láthair), bosca ceoil, clairinéad (1996–faoi láthair)
  • Dan Vickrey – príomhghiotáraí, fonnadóireacht taca (1994–faoi láthair), bainseó (2002–faoi láthair)
  • David Immerglück – giotáir (dordghiotár, giotár cruach troitheánach agus maindilín), fonnadóireacht taca (1999–faoi láthair, ceoltóir seisiúin 1993–1999), bainseó (2011–faoi láthair)
  • Jim Bogios – drumaí, cnaguirlisí, fonnadóireacht taca (2002–faoi láthair)
  • Millard Powers – giotáir (dordghiotár agus giotár rithime), fonnadóireacht taca (2005–faoi láthair)

Iarbhaill[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Steve Bowman – drumaí, cnaguirlisí, fonnadóireacht taca (1991–1994)
  • Matt Malley – giotáir (dordghiotár agus giotár rithime), fonnadóireacht taca (1991–2005)
  • Ben Mize – drumaí, cnaguirlisí, fonnadóireacht taca (1994–2002)

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Amhránaí: Adam Duritz
Albaim
  • August and Everything After (1993)
  • Recovering the Satellites (1996)
  • This Desert Life (1999)
  • Hard Candy (2002)
  • Saturday Nights & Sunday Mornings (2008)
  • Underwater Sunshine (or What We Did on Our Summer Vacation) (2012)
  • Somewhere Under Wonderland (2014)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Matzen (14 Meán Fómhair 2008). “Q&A with Counting Crows frontman Adam Duritz”. Sioux City Journal.
  2. 2.0 2.1 "Counting Crows, Live team for '90s night in SF Bay Area" (en). Mercury News (2 Iúil 2018). Dáta rochtana: 23 Bealtaine 2024.
  3. Counting Crows Sign With Capitol Records for New Studio Album”. The Hollywood Reporter (19 Bealtaine 2014).
  4. High (4 Nollaig 1998). “LIVE CROWS SHOWS BAND AT ITS VERY BEST”. Sun-Sentinel.com.
  5. Dondoros (22 Iúil 2010). “Counting Crows put on unpredictable show at Mountain Park”. masslive.com.
  6. Counting Crows mixes it up every night on the road”. The Gazette.
  7. ""Hey Mr. Jones! Hey man, You're Mr. Jones!"" (en). Rolling Stone (6 Meitheamh 1994). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24 Feabhra 2008. Dáta rochtana: 23 Bealtaine 2024.
  8. ""2004's The New Rolling Stone Album Guide"" (en). Rolling Stone (1 Deireadh Fómhair 2004). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 1 Deireadh Fómhair 2007. Dáta rochtana: 23 Bealtaine 2024.
  9. "When Fame Glows Bright, It's Hard to Be Tortured" (en). The New York Times (1 Nollaig 1996). Dáta rochtana: 23 Bealtaine 2024.
  10. "Crows Fly High" (en). Washington Post (13 Bealtaine 1994). Dáta rochtana: 23 Bealtaine 2024.
  11. "Interview with Drummer Kenney Dale Johnson" (en). Blog Critics (17 Meitheamh 2007). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 12 Deireadh Fómhair 2007. Dáta rochtana: 23 Bealtaine 2024.
  12. "Interview: Adam Duritz of Counting Crows on whether fans deserve to hear the hits" (en). AZCentral.com (9 Meán Fómhair). Dáta rochtana: 23 Bealtaine 2024.
  13. Counting Crows celebrating everything after 'Everything After'”. Chicago Sun-Times (7 Meán Fómhair).
  14. Strauss (6 Eanáir 1995). “'94 Grammy Nominations: Not Just the Familiar”. The New York Times.
  15. 15.0 15.1 "Stars Come Out From Under" (en). The New York Times (15 October 1996). Dáta rochtana: 23 Bealtaine 2024.
  16. "Q&A: Adam Duritz" (en). The Guardian (15 Feabhra 2003). Dáta rochtana: 1 Márta 2007.
  17. Image: RPM Weekly” (17 Iúil 2013).
  18. "Woodstock Hurts So Good" (en). New York Daily News (26 Iúil 199). Dáta rochtana: 23 Bealtaine 2024.
  19. "New Amsterdam: Live at Heineken Music Hall February 6, 2003 – Counting Crows – Songs, Reviews, Credits" (en). AllMusic. Dáta rochtana: 23 Bealtaine 2024.
  20. The Counting Crows song you've waited 25 years to hear”. US Day One Blog (24 Eanáir 2019).

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]