Crómaidinimic chandamach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Crómaidinimic chandamach

Is éard is crómaidinimic chandamach[1] ann ná teoiric an fhórsa núicléach láidir a foilsíodh den chéad uair i 1973, a nglactar leis go forleathan. Tugtar QCD uirthi freisin. Sa teoiric seo bíonn na cuairc greamaithe le chéile ag glúóin. Idirghníomhaíonn na cuairc de bharr airí atá ag gach ceann acu a dtugtar dath air, cosúil leis an idirghníomhú idir cáithníní luchtaithe de bharr an luchta i ngach ceann.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “crómaidinimic chandamach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-10.
  2. Hussey, Matt (2011). "Crómaidinimic chandamach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 185.