Cumann Merriman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCumann Merriman
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálcumann liteartha Cuir in eagar ar Wikidata

Cumann litríochta is ea an Cumann Merriman, atá ainmnithe in ómós do Bhrian Merriman, údar dáin cháiliúil, Raibiléiseach na hochtú aoise dhéag, Cúirt an Mheán Oíche.[1][2] Tá sé mar aidhm ag Cumann Merriman suim a chothú in gach gné de chultúr na hÉireann: an Ghaeilge, an stair, an litríocht, an rince, an ceol is araile. Ó cuireadh ar bun i 1967 é, tá sé mar aidhm aige suim a chothú ins an bhfile agus i stair is traidisiún Thuamhan.

Eagraíonn an Chumann dhá fhéile litríochta gach bliain, sa samhradh agus sa gheimhreadh. Tá Cumann Merriman buanaithe mar institiúid Éireannach

Scoil Gheimhridh Merriman[cuir in eagar | athraigh foinse]

Brian Mac Giolla Meidhre

Bíonn níos mó béime ar litríocht na Gaeilge ag an scoil geimhridh. Reáchtáiltear Scoil Gheimhridh Chumann Merriman gach bliain ag an deireadh seachtaine is gaire do Lá ‘le Bríde. Reáchtáladh an chéad Scoil Gheimhridh san Aonach i gContae Thiobraid Árann, i 1969.[1]

An Scoil Samhraidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reáchtáiltear Scoil Samhraidh Chumann Merriman sa tseachtain dheireanach de mhí Lúnasa i ndúthaigh Tuamhumhan.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Cumann Merriman (2022). "Forbhreithniú – Cumann Merriman" (ga). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-10-17. Dáta rochtana: 2022-01-20.
  2. Diarmuid BreathnachMáire Ní Mhurchú. "MERRIMAN, Brian (c.1749–1805)" (ga). ainm.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-09-26. Dáta rochtana: 2022-01-20.