Freon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is Freon[1] ann ná ainm trádálach ar chlórafluaracarbóin chomhlacht DuPont, an comhlacht is mó ar Domhan a dhéanann na ceimiceáin seo. D'úsáidtí Freon mar ábhar cuisnithe (cuisneán) i gcuisneoirí is aeroiriúnaitheoirí, cheimiceán iompair i gcannaí aerasóil, gníomhaí glanta, agus i ndéanamh cúrphlaisteach. Tá dianiarracht ar siúl na húsáidí uile seo a laghdú ar fud an Domhain ar mhaithe leis an gciseal ózóin.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Freon” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-31.
  2. Hussey, Matt (2011). "Freon". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 287.