Seamas Ó hAoláin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeamas Ó hAoláin
Beathaisnéis
BreithAn Baile Dubh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBaile Átha Cliath
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir, damhsóir, amhránaí Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: seamas.hyland Instagram: seamy_h Bandcamp: seamashyland Souncloud: seamas-hyland Cuir in eagar ar Wikidata

Is ceoltóir, damhsóir agus amhránaí é Seamas Ó hAoláin (nó Seamas Hyland) arb as an mBaile Dubh i gContae Phort Láirge dó ach atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath anois. Bhí sé ina bhall den ghrúpa The Mary Wallopers ar feadh dhá bhliain, ina dhiaidh sin dhírigh sé ar a chuid ceoil féin. Tá baint aige le healaíontóirí ar nós John Francis Flynn, Isadora Epstein (drámaíocht), Acid Granny agus Eimear Walshe. Seinneann sé an cairdín.[1] Rinne sé staidéar ar an nGearmáinis agus ar an Dlí i gColáiste na Tríonóide.[2]

Rinneadh a chéad albam a eisiúint i mí na Bealtaine 2024, albam a bhí fréamhaithe sa traidisiún agus bunaithe ar fhoinn a bhí foghlamtha aige óna chéad mhúinteoir Bobby Gardiner. Anuas air sin, tá píosaí comhaimseartha air, le ceol ó Ross Chaney ar na drumaí agus sintéiseoirí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]